Tá fear agus bean gafa ag na Gardaí maidir le dúnmharú Paul Jones, 55 bliain, a bhfuarthas a chorp i gcathair Chorcaí an deireadh seachtaine seo caite.

Tháinig mac le Paul Jones ar a chorp ina theach cónaithe ar Bhóthar na Bandan i ndeisceart na cathrach ar maidin De Sathairn. 

Tá an bhean a gabhadh os cionn leathchéad bliain d'aois agus tá sí á ceistiú i stáisiún Gardaí an Tóchair.

Tá an fear a gabhadh os cionn dhá scór bliain agus tá seisean a choinneáil i stáisiún Gardaí Bhaile na mBocht.