Deirtear i dtuarascáil nua go ndéanann os cionn 40% de pháistí idir ocht mbliana agus trí bliana déag d'aois teagmháil ar líne le daoine nach bhfuil aon aithne acu orthu.

Tugtar an t-eolas seo i dtuarascáil bhliantúil na heagraíochta sábháilteachta idirlín Cyber Safe a seoladh inniu.

Dúirt Clíona Curley atá ina stiúrthóir le Cyber Safe go bhfuil na meáin shóisialta agus cluichí san áireamh sa teagmháil a bhíonn ag páistí le strainséirí ar líne, agus gur nós é atá ag éirí níos coitianta ó aois an-óg.

Léirítear i suirbhé a rinneadh i measc 3,500 duine óg freisin go bhfuil fearas nó fón cliste ag 92% de pháistí idir ocht mbliana agus trí bliana déag.