Ceapadh an polaiteoir as an tír seo Phil Hogan ina Choimisinéir Trádála ag an Aontas Eorpach inniu. Tá cúig bliana caite ag Phil Hogan ina Choimisinéir Talmhaíochta.

Ina phost nua, beidh fear Chill Chainnigh ina phríomh-idirbheartaí ag an Aontas Eorpach sna cainteanna leis an mBreatain faoi shaorthrádáil nuair a imeos an tír sin as an Aontas.

Is í Uachtarán tofa an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen, a cheap Phil Hogan sa phost sa hoifigiúil inniu.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt sé go bhfuil a phost nua ar an bpost eacnamaíochta is tábhachtaí sa Aontas Eorpach.

Dúirt sé gur sa chás go n-imíonn an Bhreatain as an Aontas Eorpach gan socrú go gcaithfear dul i ngleic le ceisteanna tábhachtacha nach mbeifear in ann a sheachaint - cearta saoránach, gealltanais airgeadais na Breataine agus a bhfuil i ndán don Tuaisceart.

I ráiteas, thréaslaigh an Taoiseach Leo Varadkar a cheapachán le Phil Hogan.

Dúirt an Taoiseach cé go mbeidh sé ag obair ar son an Aontais Eorpaigh trí chéile gur mór an buntáiste don tír seo é Éireannach a bheith i gceannas cúrsaí trádála as seo go ceann cúig bliana.