Deir na póilíní i nDoire go raibh rún ag easaontóirí poblachtánacha ionsaí buamála a dhéanamh orthu i gceantar an Chreagáin sa chathair aréir. Fuair na póilíní an buama i ngluaisteán agus iad i mbun cuardaigh sa cheantar. 

Deir na póilíní go raibh cábla adhainte ceangailte den bhuama agus go marófaí nó go ngortófaí aon duine a rachadh i ngar dó.  

Tar éis do na póilíní teacht ar an ngaireas, thosaigh ógánaigh ag caitheamh buamaí peitril agus clocha leo. Os cionn dhá scór buama peitril a caitheadh, meastar.

Ceapann na póilíní gur dódh beirt ógánach ar a laghad le linn na gcaismirtí agus deir siad nár gortaíodh aon duine dá gcuid féin. 

Bhain an cuardach a rinne na póilíní aréir leis an ngaireas pléascach a fuarthas sa Srath Bán i gCo Thír Eoghain Dé Sathairn seo caite.