Tá iar-Uachtarán na Siombáibe Robert Mugabe tar éis bháis. 95 bliain d'aois a bhí sé agus bhí sé tinn le tamall.
Bhí Mugabe i gceannas ar an ngluaiseacht náisiúnta a bhain neamhspleáchas ón mBreatain amach don tSiombáib sa bhliain 1980. Cuireadh as oifig é beagnach dhá bhliain ó shin tar éis coup d'état ar thacaigh an t-arm leis.
Dúirt Emmerson Mnangagwa, a tháinig i gcomharbacht air, i dteachtaireacht ar an gcóras giolcaireachta Twitter go raibh ualach ar a chroí tabhairt le fios go raibh Robert Mugabe básaithe.