Deir an comhlacht éide spóirt O'Neills gur chuidigh an tsraith teilifíse Derry Girls borradh a chur an athuair faoin éileamh ar gheansaithe spóirt. 

Is iad O'Neills a cheannaigh an mhonarcha dheiridh geansaithe spóirt i nDoire, áit a bhí ceaptha dúnadh i mí na Bealtaine. Bhí os cionn dhá scór monarcha déanta léinte sa chathair tráth den saol. 

Thug bainisteoir stiúrtha O'Neills le fios go bhfuil cúig gheansaí spóirt á ndéanamh acu le ráitis agus íomhánna ón tsraith Derry Girls orthu.