Tá sé fógartha ag Teachta Dála Fhine Gael John Deasy go bhfuil sé chun éirí as an bpolaitíocht agus nach mbeidh sé san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile.

Sa bhliain 2017, cheap Rialtas na hÉireann John Deasy ina thoscaire speisialta i Washington le stocaireacht a dhéanamh thar ceann daoine as an tír seo atá ag cur fúthu go neamhdhleathach thall. 

Dhá mhí ó shin, áfach, ghlac baill d'Fhine Gael i bPort Láirge d'aon ghuta le vóta mímhuiníne sa Teachta Deasy.

Cáineadh John Deasy go láidir ag cruinniú den pháirtí faoin méid oibre a bhí sé a dhéanamh sa dáilcheantar. 

Dúirt an Teachta Deasy ag an am nach raibh aon ghlacadh aige leis an gcáineadh. Mhaígh sé nach raibh sé in ann an oiread oibre a dhéanamh ina dháilcheantar le roinnt blianta i ngeall ar an ról a bhí aige i Meiriceá.

Ghabh an Taoiseach Leo Varadkar buíochas le John Deasy inniu faoina bhlianta seirbhíse ar son "Fhine Gael, Phort Láirge agus na hÉireann."