Ceaptar go ndéanfaidh Bord Soláthair an Leictreachais fógra uair éigin an mhí seo chugainn faoin gcostas a bhaineann le carr leictreach a luchtú ar an ngréasán poiblí. 

Deir an comhlacht go gcuirfear tiománaithe ar an eolas mí sula mbainfear airgead amach ar chustaiméirí as a gcuid gluaisteán a luchtú. 

Thug an comhlacht le fios go luchtaítear 90% de charranna leictreacha ag tithe cónaithe fós.

Deir siad go mbeidh sé i bhfad níos saoire carr leictreach a luchtú ag ionad poiblí seachas mar a bheadh sé carr peitril nó díosail a bheith ag duine.