Tá sé deimnithe go bhféadfaidh tiománaithe ón bPoblacht leas a bhaint as a gcuid dintiúr árachais agus iad ar an mbóthar sa Ríocht Aontaithe agus sa Tuaisceart má imíonn an Bhreatain as an Aontas Eorpach gan aon chomhaontú. 

Is í Roinn Iompair na Breataine a dheimhnigh an méid seo tar éis d'oifigigh an scéal a phlé leis an dream a dhéanann ionadaíocht ar chomhlachtaí árachais anseo in Éirinn - Biúró Árachóirí Mótar na hÉireann. 

Bhí sé ráite ag an mBiúro roimhe seo - tráth a bhí sé i gceist go n-imeodh an Bhreatain as an Aontas ag deireadh an Mhárta i mbliana - go dteastódh cárta "uaine" árachais ó thiománaithe ón bPoblacht dá mbeidís ag taisteal sa Ríocht Aontaithe.