Dúirt Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron le Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ag cruinniú  a bhí acu i bPáras inniu nach raibh dóthain ama fanta le margadh nua faoi dealú na Breataine ón Aontas Eorpach a aontú.

Dúirt an tUachtarán Macron nach bhféadfaí fáil réidh leis an gcúlstad ar oileán na hÉireann, mar atá á éileamh ag Rialtas na Breataine, mar nach bhfuil ann ach é le bonn a choinneáil faoi fhorais pholaitiúla agus faoin margadh aonair. 

Dúirt an Príomh-Aire Johnson gurbh fhearr leis go mbeadh comhaontú ann ach go mbeadh an Bhreatain ag imeacht as an Aontas ar 31 Deireadh Fómhair, bíodh margadh déanta nó ná bíodh. 

Mhaígh sé go raibh réitigh theicniúla ann le teorainn chrua in Éirinn a sheachaint. 

Dúirt Uachtarán Macron arís eile nach mbeadh aon dul siar ar an gcomhaontú aistarraingte a socraíodh roimhe seo.

Dúirt Rialtas na hÉireann i ráiteas go bhfuil sé soiléir agus suntasach go bhfuil Uachtarán na Fraince agus Seansailéir na Gearmaine Angela Merkel araon ag seasamh go dlúth leis an tír seo sa phlé a bhí acu le dhá lá leis an bPríomh-Aire Johnson.