I gCo Chill Mhantáin a díoladh an ticéad buacach a tarraingíodh sa Chrannchur Násiúnta aréir. €11.2 milliún atá sa phota óir, an duais is mó le dhá bhliain. 

Tá an pota óir chomh mór sin mar nár bhuaigh aon duine ó 12 Meitheamh.

Níl an buaiteoir tagtha chun cinn fós agus tá an Crannchur Náisiúnta ag iarraidh ar dhaoine a dticéid a sheiceáil. 

10, 13, 23, 24, 25 agus 44 na huimhreacha atá i gceist. 12 an bhónasuimhir.