Beidh cruinniú ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson le hUachtarán na Fraince Emmanuel Macron i bPáras inniu le dealú na Breataine ón Aontas Eorpach a phlé.

Ag cruinniu a bhí inné ag an bPríomh-Aire Johnson le Seansailéir na Gearmáine, dúirt Angela Merkel gur faoin mBreatain a bhí sé réiteach a fháil ar chonstaic an chúlstad teorann ar oileán na hÉireann.

Mhaígh sí nach raibh cúis ar bith nach bhféadfadh an Bhreatain réiteach eile a fháil agus gur cheart go bhféadfaidís é sin a dhéanamh taobh istigh de mhí.

Tá sé ráite go minic ag an Uachtarán Macron nach mbeidh aon dul siar ar an gcomhaontú aistarraingte a socraíodh roimhe seo agus gur dóichí ag an tráth seo go n-imeoidh an Bhreatain as an Aontas gan aon mhargadh a bheith déanta.