Tá achainí déanta ag an Rialtas ar lucht gnó a bhí níos gníomhaí ag fáil faoi réir d'imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach. 

Deir an Rialtas go léiríonn taighde atá déanta acu go bhfuil sé earnáil sa tír nach bhfuil réitithe mar is ceart.

Tá imní ar leith ar an Rialtas faoi ghnólachtaí beaga, lucht tógála, comhlachtaí atá ag plé le táirgí feirme, chomh maith le siopaí neamhspleácha a fhaigheann a gcuid earraí as an mBreatain.

Tá go leor aineolais freisin i measc conraitheoirí iompair, a deir an Rialtas, faoi na hathruithe atá i ndán dóibh.