Tugadh bean 35 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Chorcaí ar maidin agus í cúisithe i ndúnmharú cailín óg dhá bhliain d'aois sa chathair an mhí seo caite. 

Cuireadh i leith Karen Harrington gur dhúnmharaigh sí Santina Cawley in árasán sa chathair ag tús mhí Iúil. 

Fuarthas an cailín beag agus í gortaithe go dona san árasán i gceantar an Bhóithrín Mheánaigh i ndeisceart chathair Chorcaí ar 5 Iúil, agus bhásaigh sí san ospidéal roinnt uaireanta an chloig ina dhiaidh sin.

D'ordaigh an Breitheamh Mary Dorgan go gcuirfí Karen Harrington siar faoi choinneáil agus go dtabharfaí os comhair na cúirte arís Dé Luain seo chugainn. 

Santina Cawley

Dúradh sa chúirt go bhfuil Karen Harrington ag súil le páiste agus d'ordaigh an breitheamh go gcuirfí ar fáil di pé cúnamh leighis a bhí uaithi agus í á coinneáil sa phríosún.