Tá fiosrúchán ar bun ag Gardaí maidir le hionsaí a líomhnaítear a rinneadh ar dhéagóir ó chúlra Moslamach i mBaile Átha Cliath theas ag an deireadh seachtaine.

Tuigtear gur tharla an eachtra ag 3.30pm Dé Domhnaigh ar phríomhshráid Dhún Droma.

Scáipeadh físeáin den eachtra ar na meáin shóisialta.

"Coir fuatha" a thug an tAire Cultúir, Oidreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan ar an eachtra.

Cháin an tAire an t-ionsaí a rinneadh ar an chailín Moslamach ar baineadh a hijab dí i sráidbhaile Dhún Droma.

Dhearbhaigh Gardaí go bhfuil an eachtra a líomhnaítear a tharla a fhiosrú acu.

Níor gabhadh aon nduine go fóill.