Ní aontaíonn an Teachta Dála Éamon Ó Cuív le PríomhAoire an Rialtais, Sean Kyne nach dtiocfadh eisceacht a dhéanamh i gceantar áirithe sa tír i gcás ceadúnais mianadóireachta.

Dúirt an Teachta Ó Cuív nach gceadaítear mianadóireacht i bPáirceanna Náisiúnta na tíre ná ar Chruach Phádraig.

Ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt PríomhAoire an Rialtais, Sean Kyne go bhfuil polasaí ag an Rialtas le mianadóireacht a chur chun cinn ach go mbeadh sé an-dheacair ag aon chomhlacht ceadúnas mianadóireachta a fháil i gConamara.

Tá feachtas ar bun ag daoine i gConamara ag cur in n-éadan iarratas ar cheadúnais mianadóireachta atá a dhéanamh ag dhá chomhlacht comhlacht as Ceanada mianraí a thochailt.