Caitheadh agus maraíodh fear i mBaile an Bhairínigh i gContae an Dúin aréir.

Fritheadh corp an fhir taobh amuigh de staisiún breosla ar phríomhshráid an bhaile timpeall 9pm.

Tuigtear go raibh baint ag easaontas idir ghrúpa coiriúlachta leis an dúnmharú agus nach raibh lámh ag easaontóirí poblachtanacha ann.

Dúirt Comhalta Tionóil de chuid an SDLP, Dolores Kelly gur bhain an dúnmharú geit mhór as an phobal.

D'impigh sí ar dhaoine a chonaic iompar amhrasach i mBaile an Bhairínigh aréir dul i dteagmháil leis na póilíní.