Ní raibh cíos ar thithe nó ar árasáin riamh chomh daor sa tír seo de réir figiúirí nua.

€1,391 an meánchostas cíosa in aghaidh na míosa sa tír anois de réir tuarascáil ráithiúil daft.ie.

Tá meánchostas cíosa €361 ar an meán níos daora ná mar a bhí in 2008.

Seo an 13ú ráithe i ndiaidh a chéile inar tháinig méadú ar chostas cíosa.

Ba é an méadú a tharla sa ráithe dheireanach an méadú ba lú ó 2013.

Inacmhainneacht seachas soláthar breise ba chúis leis an mhaolú, a dúirt údar na tuarascála, an t-eacnamaí Ronan Lyons.

€2,023 an meánchostas cíosa sa mhí i mBaile Átha Cliath.

Tharla an t-ardú cíosa ba mhó i nGaillimh, áit ar mhéadaigh costas cíosa 15.5% ón t-am seo anuraidh.