Dúirt Uachtarán Chomhairle na hEorpa Donald Tusk nár luaigh PríomhAire na Breataine Boris Johnson móltaí réadúla in áit an chúlstaid sa litir a chuir sé chuige aréir.

Dúirt Donald Tusk go mbeadh an cúlstad ann le teorainn chrua a sheachaint in Éirinn.

Ní raibh aon ghlacadh ag an Taoiseach leis an méid a scríobh PríomhAire na Breataine sa litir ach in oiread.

Mhaígh Boris Johnson go bhféadfadh an cúlstad cur isteach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Labhair PríomhAire na Breataine, Boris Johnson leis an Taoiseach, Leo Varadkar ar an ghuthán ar feadh beagnach uair a chloig aréir.

Dúirt Boris Johson leis nach gcuirfí isteach ar an Chomhlimistéar Taistil i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Ba é an dara comhrá teileafóin a bhí acu ónar ceapadh Boris Johnson mar PhríomhAire na Breataine.

Cuireadh béim mhór sa chomhrá ar na deacrachtaí atá ann leis an socrú aistharraingte agus leis an chúlstad ach go háirithe.

Tá súil ag Rialtas na Breataine deireadh a chur le saorchead taisteal do shaoránaigh an Aontas Eorpach i ndiaidh an Bhreatimeachta  ar an 31 Deireadh Fómhair.

Dúirt PríomhAire na Breataine nach mbeadh glacadh i bParlaimint leis an tsocrú aistharraingte ná leis an chúlstad.

Dúirt an Taoiseach le PríomhAire na Breataine nár theastaigh ón Aontas Eorpach an socrú aistharraingte a athrú agus go raibh an cúlstad riachtanach.

Shochraigh an dá cheannaire go mbeidh cruinniú acu i mBaile Átha Cliath ar an mhí seo chugainn.