Tuigtear go mbeidh comhrá teileafóin ag an Taoiseach le Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson faoin Bhreatimeacht anocht.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine go raibh sé dóchasach go dtiocfadh athrú intinne ar an Aontas Eorpach maidir lena seasamh.

Rinne Boris Johnson athris ar chaint a rinne sé roimhe go mbeadh an Bhreatain réidh leis an Aontas Eorpach a fhágáil ar an 31 Deireadh Fomhair.

Idir an dá linn, dúirt urlabhraí de chuid Sráid Downing go gcuirfidh an Bhreatain deireadh le saorchead taisteal do shaoránaigh an Aontas Eorpach i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Dúirt an t-urlabhraí go gcuirfear deireadh leis an saorchead taisteal ar an 31 Deireadh Fómhair.

Tagann fógra Sráid Downling sna sála ar imní atá ann go bhfágfaidh an Bhreatain an tAontas Eorpach gan margadh faoi cheann dhá mhí go leith.

Dúradh le 3.6 milliún saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil cónaí orthu sa Bhreatain iarratas a dhéanamh ar stádas buanchónaithe.

Tá breis agus milliún duine i ndiaidh an stádas seo a lorg.