Turas 10,000 ciliméadar atá roimh PJ agus Maureen Heffernan.

Táthar ag súil go dtabharfaidh sé 32 lá orthu ceann scríbe a bhaint amach i Yokohama sa tSeapáin.

Inniu, chuir an lanúin as an Chlochán i gConamara tús inniu le turas bóthair go dtí an tSeapáin, áit a mbeidh Craobh an Domhain sa Rugbaí ar an mhí seo chugainn.

Gluaisteán den déantús Chrysler Grand Voyager a cláraíodh i 2003 atá á dtiomáint acu.

Rachaidh siad trasna na hEorpa agus na Rúise ina ngluaisteán sula dtógfaidh siad bád farántóireachta ó Vladivostok sa Rúis chomh fada leis an Chóire agus ar aghaidh as sin go dtí an tSeapáin.

Chrysler Grand Voyager 2003 atáthar ag tiomáint.
Chrysler Grand Voyager 2003 atáthar ag tiomáint.

Tá PJ agus Maureen Heffernan ag súil go mbainfidh siad ceann scribe amach i 32 lá agus go scroichfidh cathair Yokohama ar 20 Meán Fómhair.

Imreoidh foireann rugbaí na hÉireann a gcéad chluiche i gCraobh an Domhain in aghaidh na hAlban ar an 21 Meán Fómhair.

D'fhág an lanúin calafort Bhaile Átha Cliath tráthnóna.