Deir Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann go raibh an t-ádh ar a gcuid oifigidh nár maraíodh nó nár gortaíodh iad nuair a phléasc buama i bhFear Manach ar maidin.

Phléasc an buama in aice le Droichead na nGad timpeall 10.35am i ndiaidh gur thángthas ar ghléas bréige congárach don láthair céanna.

Phléasc an buama nuair a bhí baill den PSNI ag cuardach an láthair inar fágadh an gléas bréige.

Tá an bóthar idir Droichead na nGad agus Cluain Eois druidte ó thráthnóna inné ónar tuairiscíodh gur fágadh gléas anaithnide ar an bhóthar.

Dúirt Leas Ardchonstábla an PSNI, Stephen Martin cé nach bhfuil an fiosrúchán ach ina thús go gcreideann sé gur iarracht a bhi ann póilíni agus saighdiúirí a dhúnmharú.

Tá cáineadh déanta ag an Tanáiste, Simon Coveney agus ag Ceannaire an DUP, Arlene Foster ar an ionsaí.