D'fhill iománaithe Thiobraid Árann ar Dhurlais tráthnóna i ndiaidh dóibh Corn Liam Mhic Chárthaigh a thabhairt leo den 28ú huair.

Thug Tiobraid Árann a dtríú Chraobh na hÉireann in imeacht naoi mbliana leo i ndiaidh bua slachtmhar le 14 cúilín ar Chill Chainnigh inné.

3-25 in aghaidh 0-20 an scór deiridh.

Ba é an bua ba mhó a bhí ag Tiobráid Árann i gcluiche ceannais na hÉireann le breis agus leathchéad bliain.

1-2 a scóráil Captaen Thiobraid Árann Séamus Callanan.
1-2 a scóráil Captaen Thiobraid Árann Séamus Callanan.

Cor cinniúnach sa chluiche ab ea an cárta dearg a bronnadh ar Riche Hogan roimh leath-ama, tráth a raibh na foirne gob ar ghob.

Chothaigh cinneadh an réiteora go leor cainte.

Cúilín a bhí eatarthu ag leath-am, 1-9 in aghaidh 0-11.  Faoin 42 nóiméad, bhí bearna 8 gcuilín idir na foirne, 3-12 in aghaidh 0-13.

Niall O'Meara, Séamus Callanan agus John O'Dwyer a d’aimsigh na cúil.

Ba é toradh an lae inné an chailliúint ba mhó a bualadh ar Chill Chainnigh i gcluiche craoibhe faoi réimeas bainisíochta, Brian Cody.

Dúirt Brian Cody go raibh sé an-bhródúil as a chuid imreoirí

Chuir bainisteoir Thiobraid Árann Liam Sheedy iontas ar a chuid imreoirí nuair a sheas sé siar i ndiaidh a mbua in 2010, cá bhfios an bhfánfaidh sé timpeall ar feadh tamaill eile.