Bhí agóid ar siúl i gCathair na Gaillimhe tráthnóna le cur in aghaidh mhianadóireacht ar mhianraí i gConamara. 

Tionóladh an agóid lasmuigh de fhoirgneamh Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Bhailigh baill den ghrúpa, Glór na Tuaithe agus léirsitheoirí eile ansin lena n-imní a chur in iúl faoi iarratais atá déanta ag 2 chomhlacht as Ceanada tochailt a dhéanamh sa gceantar.

Imní faoi chúrsaí sláinte agus an tionchar a bheas aige seo ar an timpeallacht is mó atá ag dó na geirbe sa bhfeachtas in aghaidh an togra seo.