Tá an freasúra an-cháinteach faoin Rialtas agus an chaoi dar leis a ndearnadh riaradh ar an gCárta Seirbhíse Poiblí.

Deir an freasúra go bhfuil ceisteanna tromchúiseacha le freagairt ag an Aire Regina Doherty.

Dúirt urlabhraí Fhianna Fáil ar Ghnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialta, Willie O'Dea gur labhair sé amach é féin go poiblí 2 bhliain ó shin, maidir leis an imní a bhí air faoin gcárta seo.

An Teachta Dála Willie O'Dea,Fianna Fáil 

'Mar sin féin' a dúirt Willie O'Dea 'lean an Rialtas ar aghaidh le plean a bhí lochtach' mar a thug sé air.

D'iarr an teachta O'Dea ar an Aire Doherty, an tuarascáil ón gCoimisiún Cosanta Sonraí a fhoilsiú láithreach.

Dúirt urlabhraí le Sinn Féin, John Brady go raibh a chonspóid féin ag baint leis an bplean seo ó tháinig sé chun solais den chéad uair riamh 8 mbliana ó shin.

Dúirt seisean gur scannal a bhfuil tarlaithe.