Tá comórtas iascaireachta slaite idirnáisiúnta, a bhí le reachtáil inniu ar Abhainn na Sionainne, curtha ar ceal.

'Truailliú ola faoi ndear é seo' a dúradh. 

Deir Comhairle Contae na hIarmhí gur chóirigh siad an méid dochair a bhí déanta san abhainn, gar do Bhaile Átha Luain ag an deireadh seachtaine seo caite.

Comórtas iascaireachta curtha ar ceal de bharr sceithidh

Níl a fhios fós cé as a dtáinig an sceitheadh.

Chonacthas ainmhíthe agus éanlaith agus iad clúdaithe le hola i gceantar ar a dtugtar na Cluanta Móra.