Tá an aerlíne Ryanair tar éis cead a fháil ón Ard Chúirt urghaire a lorg le cosc a chur ar a chuid píolótaí dul ar stailc an tseachtain seo chugainn.

Tá stailc 2 lá beartaithe ón 22ú Lúnasa ag na píolótaí atá bunaithe in Éirinn.

Suas le 180 píolóta ar fad atá i gceist, agus is é an ceardchumann Forsa atá ag déanamh ionadaíochta orthu.

Thaobhaigh an Breitheamh Carmel Stewart le hiarratas Ryanair níos túisce tráthnóna.

Éistfear anois an cás seo ag a 11 a' chlog maidin Dé Luain seo chugainn.

.