Tá sé tugtha le fios ag na póilíní sa Mhalaeisia go bhfuil corp Nora Quoirin tugtha ar ais dá tuismitheoirí.

Fuarthas an cailín 15 bliain d'aois marbh níos túisce sa tseachtain amuigh sa dufair thall sa tír sin.

Bhí sí ar iarraidh le tamall ón ionad saoire sa bhforaois bháistí ina raibh an teaghlach ag fanacht.

Tuismitheoirí Nora Quoirin in éineacht le comhalta póilíneachta le linn preasagallaimh

Léirigh an scrúdú iarbháis a rinneadh ar Nora Quoirin gur bhásaigh sí de bharr ocrais agus strus.

Deir na póilíní nach bhfuil aon ní ann a léireodh go raibh baint ag aon duine lena bás.

Tabharfar corp Nora Quoirin go Londain anois, an áit a raibh sí ag cur fúithi leis an teaghlach.

Nora Quoirin, a bhfuarthas a corp sa dufair roinnt laethanta ó shin

Dúirt a teaghlach inniu go dteastaíonn breis freagraí uathu maidir lenar tharla do Nora.

I measc na ndaoine a chuir a gcomhbhrón in iúl faoi bhás an déagóra bhí Leas-Phríomh Aire na Malaeisia.