Cuirfear tús amárach le Craobh Gailf domhanda ISPS Handa i gCo. Aontroma. Seachas craobh oscailte na hÉireann nó na Breataine, seo an comórtas gailf gairmiúil is mó in Éirinn.
Ina measc siúd a bhí ag imirt sa Pro/Am inniu,  bhí foireann de Dhaill na hÉireann.
Tá plúrscoth na ngalfairí domhanda, idir fhir agus mhná ag feistiú i gCaisleán Ghalgorm I nGlinnte Aontroma. 
Ina measc tá Eddie Maguire, Fear ildánach as Co. Mhaigh Eo atá ina chónaí i gCo. na Mí. Múinteoir, údar, cumadóir amhrán mór le rá agus duine do na galfairí dalla is fearr sa tír. 

Os cionn fiche bliain, chaill Eddie radharc na súl i dtimpiste i nDroichead Átha agus ó thosaigh sé ag imirt gailf arís le cumann gailf do Dhaill na hÉireann sé bliana ó shin, fear nua ar fad atá ann. Tá an domhain feicthe aige agus tá craobhacha buaite ar fud na hEorpa aige, ach buaic atá sa lá inniu dó agus é ag imirt inniu den chéad uair  in aghaidh imreoirí gairmiúla.