Deir na póilíní sa Mhalaeisia nach bhfuil a fhios go fóill ón scrúdú iarbháis cén chúis a bhí le bás an déagóra Nóra  Quoirin. 
Dúirt na póilíní leis na meáin go bhfuil ceithre phaiteolaí ag obair ar an scrúdú - ina measc duine ón phríomhchathair Kuala Lumpur. Go dtí seo tá ocht n-uair an chloig caite i mbun scrúdaithe.

Táthar ag déanamh scrúdú iarbháis ar chorp Nóra Quoirin in ospidéal sa Mhalaeisia. Táthar ag súil le toradh an scrúduithe níos déanaí anocht, am na hÉireann.


Fuarthas a corp inné i bhforaois Dusun i ndiaidh cuardach a mhair 11 lá. Thángthas ar a corp thart ar 2 chiliméadar ón ionad saoire ónár imigh sí ar iarraidh ar  4 Lúnasa.
Dúirt a clann aréir go bhfuil a gcroíthe briste ach ghabh siad buíochas leis na daoine ar fad a ghlac páirt sa chuardach .
Dúirt a teaghlach gur 'bhain a hiníon do chuisle an domhain.' "Tá Nóra i gcroílár ár dteaghlaigh...tá sí ar an té is ionraice agus is luachmhaire againn agus beidh grá again di go deo"
Thug siad buíochas do gach duine a bhí ag guí ar a son agus ag tacú leo.
"Thug Nóra daoine le chéile as An Fhrainc, Éirinn An Bhreatain agus An Mhalaeisia - aontaithe iná ngrá agus ina dtacaíocht di siúd agus dúinne, a clann"