I Machaire Rabhartaigh i gCo Dhún na nGall tráthnóna, tugadh tarrtháil ar chig dhuine déag ón fharraige

Tugadh 10 acu ar héileacaptar 118 de chuid an Gharda Cósta chuig otharlann Leitir Ceanainn.

Tuigtear gur ceapadh na daoine óga i sruth agus iad san uisce amach ón trá ansin go gairid roimh an 5 a chlog 

Bhí aonad ó Gharda Cósta na Maoile Ruaidhe  agus bád iascaireachta as Machaire Rabhartaigh páirteach san obair tharrthála. Tuairiscítear nach bhfuil aon duine acu i gcontúirt.