Dúirt an PSNI go bhfuair fear, 74 bliain d'aois bás san ospidéal de bharr timpiste bóthair a tharla i bPort an Dúnáin i gCo. Ard Mhacha Dé Domhnaigh seo caite. Fuair bean chéile John McKee, Sylvia McKee, 72, bás sa timpiste. Gortaíodh John McKee sa timpiste a tharla ag Northway i bPort an Dúnáin. B'as an cheantar an bheirt acu.

Tá an PSNI ag iarraidh ar aon duine a bhfuil eolas acu faoin timpiste nó tiománaithe a bhfuil físeáin ceamara gluaisteáin acu teagmháil a dhéanamh leo.