Tá an aerlíne Norwegian Air ag cur deireadh lena gcuid eitiltí idir an tír seo agus Meiriceá Thuaidh, a d'fhógair siad inniu.
Dúirt siad nach fiú don chomhlacht - ar bhonn tráchtála, leanúint leis an tseirbhís.
Dúirt siad go mbeidh tionchar ag an chinneadh ar 'chupla míle custaiméir'.
Chuir Norwegian Air tús lena n-eitiltí ó Chorcaigh, Áth Cliath agus An tSionainn chuig Na Stáit Aontaithe i mí Iúil 2017, ach tiocfaidh deireadh leo ón 15ú lá den mhí seo chugainn.
Tá baint ag an chinneadh leis an chosc a cuireadh ar eitleáin den déanamh Boeing 737 MAX, i ndiaidh dhá thimpiste mharfacha a bhí ag na heitleáin seo.
Cuirfidh an aerlíne paisinéirí a raibh ticéid ceannaithe acu do na haerbhealaí seo ar mhalairt eitiltí ón mhí seo chugainn ar aghaidh. Beidh rogha ag an phaisinéir luach iomlán an ticéid a fháil ar ais más gá.
Tá súil ag an chomhlacht nach gcaithfear iomarcaíocht a íoc lena bhfoireann 48 píolóta agus 86 criú cabáin ina mbunáit i mBaile Átha Cliath.