Tá seirbhísí 5G ar fáil anois i gcúig chathair anseo ag an chomhlacht Vodafone.

Seo an chéad chomhlacht anseo a bhfuil an tseirbhís ardluais gutháin soghluaiste curtha ar fáil acu.

Tá ráta íoslódála níos tapúla ag 5G ná atá ag an teicneolaíocht 4G agus 3G atá ar fáil faoi láthair.

Tá ar chumas 5G níos mó sonraí a láimhseáil - rud atá tábhachtach anois agus tuilleadh gairis idirlín ag teacht ar an mhargadh.


Ó inniu ar aghaidh , beidh fáil ar sheirbhís 5G i gCorcaigh, i mBaile tha Cliath, Gaillimh, Luimneach agus Port Láirge, agus deir an comhlacht go leathnófar seo sna míonna amach anseo..

Mar sin féin, ní gach custaiméir de chuid Vodafone a bhfuil fón póca ina seilbh atá ábalta ceangal leis an tseirbhís 5G, ach deir Vodafone go dtosóidh siad féin ag díol an chéad ghuthán cliste 5G ó amárach ar aghaidh.

I mí Aibreán a cuireadh tús le 5G sna Stáit Aontaithe agus tá an tseirbhís ar fáil i roinnt cathracha sa Bhreatain le déanaí .