Tá corp Nóra Quoirin aitheanta go hoifigiúil ag a tuismitheoirí in ospidéal sa Mhalaeisia. Fuarthas corp an déagóra a bhí ar iarraidh le 10 lá, dhá chiliméadar ón áit ónár imigh sí ar iarraidh i gceantar Dusun ansin ar an 4ú Lúnasa

D'aimsigh fear an corp thart ar 1:57pm (am áitiúil) ansin nó 06.57 am na hÉireann. Bhí na póilíní ar an láthair leathuair ina dhiaidh sin.

Dúirt na póilíní nach raibh éadach ar bith ar an chorp nuair a haimsíodh é, ach nár haimsíodh aon rud amhrasach in aice leis an láthair.

Dúirt na póilíní nach raibh siad ag cur coir as an áireamh sa chás.

Tá a chomhbhrón curtha in iúl ag Uachtarán na hÉireann, Michael D Higgins le teaghlach Nóra Quoirin agus thug sé buíochas d'údaráis na Malaeisia agus do na hoibrithe deonacha ansin as a gcúnamh sa chuardach don chailín.
Ghabh sé féin agus a bhean Sabina, buíochas ar son phobal na hÉireann le gach duine idir Éirinn, An Mhalaeisia, An Bhreatain agus An Fhrainc as gach cabhair a thug siad.

"Táimid ag guí ar son chlann Nóra ag an am dheacair seo," a dúirt an ráiteas.