Fuair an buachaill 3 bliana d'aois as Éirinn ar tugadh tarrtháil air as linn snámha sa Spáinn inné bás inniu.


Bhí an buachaill trí bliana d'aois ar saoire lena chlann in aice le Alicante in oirdheisceart na tíre. Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála i dtrátha an 9.15 maidin inné nuair a fuarthas sa linn snámha é ag Cabo Roig in Orihuela, Alicante. . Tugadh chuig an ospidéal in Alicante é i héileacaptar.