Deir an eagraíocht Gaeloideachas go bhfuil díomá orthu nár tógadh san áireamh na moltaí a rinne siad féin le linn an phróisis comhairliúcháin faoi dhíolúintí don Ghaeilge san Ardteist.

Fógraíodh inniu go mbeidh ciorclán nua i dtaobh na díolúine le teacht i bhfeidhm i scoileanna an mhí seo chugainn.

Deir an ráiteas : "Aithníonn Gaeloideachas, eagraíocht náisiúnta ionadaíochta na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, an gá agus an phráinn a bhaineann le hathnuachan ar an gciorclán, a dréachtaíodh breis agus 25 bliain ó shin, i bhfianaise na n-athruithe soch-chultúrtha, forbairtí sa churaclam agus forbairtí ar ár dtuiscintí ar riachtanais speisialta oideachais atá tarlaithe sa tír ó shin.

Ina aighneacht, mhol Gaeloideachas go n-úsáidfear macasamhail den cur chuige a cuireadh i bhfeidhm nuair a aithníodh go raibh deacracht ann le teagasc agus foghlaim na matamaitice. Is é sin, in áit díolúine a bhronnadh, cuireadh réiteach cruthaitheach i bhfeidhm i bhfoirm togra nua - 'Tionscadal Mata’ agus cuireadh oiliúint bhreise ar fáil do mhúinteoirí. Anuas air sin bronnadh pointí breise ar dhaltaí a bhaineann pas amach i scrúdú Mata Ardleibhéil na hArdteiste. Tá an cur chuige spreagúil céanna dlite ar an nGaeilge agus ar dhaltaí.

Deir an Roinn gur rud "annamh agus eisceachtúil" a bheidh sa díolúine, ach ní léir ón eolas a roinneadh inniu go bhfuil coinníollacha le cur i bhfeidhm leis sin a chinntiú. Tá baol ann, agus cinneadh maidir le díolúine le bunú ar thoradh scrúdaithe– scrúdú nach léiríonn fiú ach gné áirithe de chumas foghlama an dalta – go dtabharfar faoi i mbealach straitéiseach ar mhaithe leis an toradh inmhianaithe a bhaint amach. Agus bheadh baol ann go fadtréimhseach gur bealach ‘cúldorais’ a bheidh anseo leis an nGaeilge a bheith roghnach amach anseo.

Cé go mbeidh an ciorclán nua ag teacht i bhfeidhm sna scoileanna meán-Bhéarla amháin, níl aon soiléiriú faighte ag Gaeloideachas go fóill ar an gceist a ardaíodh maidir leis na himpleachtaí atá ann do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, sa mhéid is go lorgaíonn tuismitheoirí litir thacaíochta go minic ó phríomhoidí dá n-iarratais ar dhíolúine ó staidéar na Gaeilge ag an iar-bhunleibhéal. Bíodh is nach bhfuil ciall ná réasún le hiarratas mar seo, ní mór treoir shoiléir a bheith ar fáil do phríomhoidí na mbunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i leith iarratais den chineál sin."

Cé go bhfuil torthaí taighde ann le seasca bliain anuas a fhoilsíonn na buanna cognaíocha, pearsanta, soch-eachnamhaíochta agus sochaíocha a bhaineann leis an dátheangachas agus an ilteangachas, ní léir go bhfuil eolas forleathan ag tuismitheoirí, daltaí, lucht déanta beartais nó oideachasóirí, fiú, ar na buanna agus ar na buntáistí a bhaineann le sealbhú na Gaeilge.

Tá baol ann agus díolúine uathoibríoch á gceadú i gcás daltaí i scoileanna speisialta nó ranganna speisialta gurb é an teachtaireacht a thabharfar ná nach bhfuil oideachas lán-Ghaeilge oiriúnach do dhaltaí le riachtanais speisialta oideachais, rud nach bhfuil fíor. Bheadh leatrom ollmhór á dhéanamh ar na daltaí seo dá gceilfear an deis seo orthu. Seachas glacadh leis nár cheart go mbeadh daltaí le riachtanas speisialta oideachais ag foghlaim na Gaeilge, b’fhearr tacaíochtaí chuí, timpeallacht agus múinteoirí tuisceanacha a chinntiú dóibh, chun go mbeidh na deiseanna céanna acu eispéireas dearfach a bheith acu leis an nGaeilge is atá ag dalta ar bith eile.

Seachas díolúine a thabhairt dóibh siúd a bhfuair a gcuid oideachais lasmuigh den Stát, ba cheart go mbeadh dianchúrsa sa Ghaeilge ar fáil dóibh, leis an rochtain chéanna a thabhairt dóibh ar an nGaeilge chun nach ndéanfaí buntáistí na teanga a cheilt orthu.

Molann Gaeloideachas go gcuirfí tús le feachtas poiblíochta agus bolscaireachta le béim a chur ar na buanna agus ar na buntáistí a bhaineann le sealbhú na Gaeilge, a rachadh i bhfeidhm ar an bpobal trí chéile i dtreo is go mbeadh níos lú foinn ar thuismitheoirí droim láimhe a thabhairt don teanga in oideachas agus i dtógáil a gcuid páistí.

In áit díolúintí a bhronnadh, molann Gaeloideachas go gcuirfí breis tacaíochtaí ar fáil do dhaltaí, breis oiliúna ar mhúinteoirí, breis béime ar dhifreálú sa teagasc agus breis acmhainní oiriúnacha ar fáil, le buntáiste breise na Gaeilge a chur ar fáil ar bhonn cothrom do chách.