Tá cainteanna ar bun idir ionadaithe ó thionscail na mairteola, Gluaiseacht Phlean na Mairteola, agus eagraíochtaí feirmeoireachta agus áisíneachtaí rialtais le hiarracht a dhéanamh réiteach a fháil ar an aighneas faoi luach na feola.


Dé hAoine seo caite, chuir baill den ghluaiseacht picéid ar mhonarchana feola ar fud an Stáit le ligean do na cainteanna dul ar aghaidh.


Le cupla seachtain anuas, bhí agóidí ar bun ag baill den ghluaiseacht agus ag feirmeoirí aonair taobh amuigh de na monarchana faoin imní atá orthu faoi luach íseal na feola. Deir siad go bhfuil géarchéim san earnáil agus go bhfuil feirmeoirí le ba diúil ag cailleadh idir  €150 agus €200 ar gach ainmhí.


Ar a bhealach isteach chuig an chruinniú i gCo. Chill Dara, dúirt uachtarán Chumann na bhFeirmeoirí, Joe Healy, go bhfuil rún daingean ag an eagraíocht dul chun cinn a dhéanamh inniu le haghaidh a thabhairt ar an chailliúint na bhfeirmeoirí.


Dúirt sé go bhfuil deachú déanta ag monarchana ar mhuinín, ar dhóchas agus ar inmharthanacht fheirmeoirí na hÉireann le bliain anuas, agus go gcaithfidh seo athrú agus go gcaithfidh an tAire Talmhaíochta a bheith páirteach san athrú.


Tá Cumann na bhFeirmeoirí ag éileamh méadú ar an chorrlach a fhaigheann siad ar euro an tomhaltóra  agus dá bhrí sin deir siad go bhfuil an praghas tábhachtach.


Ní féidir a bheith ag súil le feirmeoirí a bheith ag táirgiú feola faoin luach táirgíochta, a dúirt Healy.