Dúirt urlabhraí ar son Phríomhaire na Breataine, Boris Johnson nach bhfuil cruinniú ar bith socraithe aige leis an Taoiseach, Leo Varadkar le plé a dhéanamh ar an Bhreatimeacht.
De réir tuairisc a bhí i nuachtán an Sunday Telegraph inné, tugadh le fios gur ghlac an Príomhaire le tairiscint ón Taoiseach faoi chruinnniú le plé a dhéanamh ar an chúlstad agus go ndearnadh plé chomh maith faoi dhátaí don chruinniú.
Dúirt an t-urlabhraí go raibh Boris Johnson soiléir gur theastaigh socrú Breatimeachta uaidh ach go raibh súil aige gur thuig an tAontas Eorpach go raibh rún daingean aige an bloc a fhágáil ar an 31ú Deireadh Fómhair.

Idir an dá linn, dúirt ceannaire na nDaonlathaithe Liobrálacha sa Bhreatain, Jo Swinson nach bhfuil a léithéid de rud ann is "Breatimeacht maith" do Thuaisceart Éireann.


Agus í ar a céad chuairt chuig an teorainn, dúirt sí gur féidir go fóill an Breatimeacht a stopadh.
"Mheas mé gur chóir domh teacht agus éisteacht le tuairimí daoine agus grúpaí pobail faoina dtaithí agus faoin tionchar a bheadh ag teorainn chrua ar an phobal ansin. Chuaigh a gcuid scéalt i bhfeidhm go mór orm."
"Tá Na Daonlathaithe Liobrálacha soiléir faoinár seasamh: Measaimid gur drochrud atá Bhreatimeacht don Bhreatain agus Tuaisceart Éireann san áireamh.
Dúirt sí nach raibh aon ionadh uirthi gur bhain sé seachtain as Boris Johnson teagmháil a dhéanamh leis an Taoiseach .