Maraíodh fear i dtimpiste bóthair idir leoraí agus gluaistean ar an phríomhbhóthar idir Corcaigh agus Luimneach ar maidin. 
Tharla an timpiste ar bhóthar an N20 ag Tigh Nua an Dá Phota nuair a bhfuail an dá fheithicil in éadan a chéile thart ar a seacht a chlog ar maidin. Bhí Gardaí, aonaid den bhriogáid dóiteáin agus otharcharr ag láthair na timpiste áit a bhfuair tiománaí an ghluaisteáin bás. Tá an bóthar dúnta agus trácht curtha ar mhalairt treo le ligean do bhaill d'aonad fiosrúcháin timpiste na nGardaí scrúdú a dhéanamh ar an láthair. Tá na Gardaí i Mala ag iarraidh ar aon duine a chonaic an timpiste teagmháil a dhéanamh leo ag 022-31450 nó ar Líne Cumarsáide Iontaofa 1800 666 111.. Seo an dara timpiste mharfach i gContae Chorcaí le dhá lá anuas - ó maraíodh déagóir i dtimpiste lasmuigh de Mhainistir na Corann ag an deireadh seachtaine.