Tá luach saothair £10,000 (€10,790) tairgthe ag teaghlach an déagóra Nóra Quoirin ar son eolas faoin chailín atá ar iarraidh le breis is seachtain sa Mhalaeisia.
Gnólacht atá lonnaithe i mBéal Feirste agus nach dtug a n-ainm a chuir an t-airgead ar fáil mar luach saothair 

I ráiteas ó chlann Nóra, dúirt siad : " Is í Nóra ár gcéad pháiste . Bhí sí leochaileach ón lá a rugadh í. Tá sí chomh luachmhara sin againn is go bhfuil ár gcroíthe briste. Táimid ag achainí  ar aon duine a bhfuil eolas acu sin faoi Nóra cabhrú linn í a aimsiú.

Tá oifigigh ón Áisíneacht Náisiúnta Coireachta sa Bhreatain, Scotland Yard agus An Garda Síochána ag tacú le póilíní na Malaeisia sa chuardach don déagóir Nóra Quoirin.

Tá an cailín cúig bliana déag ar iarraidh anois le breis is seachtain, 70 ciliméadar ó dheas ó phríomhchathair na tíre, Kuala Lumpur.


Dúirt urlabhraí ón Áisíneacht : "Tá an Áisíneacht, an Met Police agus póilíní na hÉireann ag obair le chéile le cabhrú agus le tacú le póilíní na Malaeisia maidir le Nóra Quoirin imeacht gan tuairisc.


Tá na céadta daoine, chomh maith le dhá fhórsa póilíní amuigh gach lá ag cuardach rian ar bith de Nóra ach níl comhartha ar bith le feiceáil go fóill a thabharfadh leid do na húdaráis.
Dúirt nuachtán na tíre Malay Mail go raibh 348 d'fhoireann amuigh ag cuardach - an líon is mó go dtí seo.
Dé Sathairn seo caite, chuaigh ionadaí ón Gharda Síochána chuig An Mhalaeisia le cabhrú le hiarrachtaí na bpóilíní ansin agus le cúnamh consalachta a chur ar fáil do theaghlach Nóra.

Tá na póilíní thall ag riar don chás mar chás duine a chuaigh ar iarraidh, ach creideann tuismitheoirí Nóra gur fuadaíodh an cailín a bhfuil éagumas foghlama uirthi.