skip to main content

Téarmaí príosúin gearrtha ar bheirt de bhuíon Kinahan

Alan Wilson
Alan Wilson

Sa Chúirt Choiriúil Speisialta, gearradh téarmaí príosúin ar bheirt fhear faoi chomhcheilg a bheith ar bun acu duine de bhuíon coirpeach Hutch i mBaile Átha Cliath a dhúnmharú. 

Dúradh sa chúirt go raibh baint ag an mbeirt fhear - Alan Wilson agus Joseph Kelly - le buíon coirpeach Kinahan agus an chomhcheilg ar bun acu Gary Hanley a mharú dhá bhliain ó shin. 

Gearradh sé bliana príosúin ar Alan Wilson agus dhá bhliain déag ar Joseph Kelly. 

Thaifead na Gardaí an bheirt agus iad ag beartú Gary Hanley a dhúnmharú. 

I litir a cuireadh ar fáil don chúirt, dúirt Alan Wilson, 40 bliain d'aois, go raibh aiféala air faoin mbaint a bhí aige leis an gcomhcheilg. 

Dúradh gur andúileach drugaí é Joseph Kelly, atá 39 bliain, a ciontaíodh os cionn 60 uair cheana faoi fhuadach gluaisteáin, robáil, agus airm a bheith ina sheilbh aige i measc coireanna eile. 

Sa chúirt chéanna, gearradh téarmaí príosúin ar thriúr de bhuíon Kinahan faoi chomhcheilg a bheith ar bun acu duine de theaghlach Hutch a dhúnmharú anuraidh. 

Sin iad na deartháireacha Gary agus Glen Thompson as Fionnghlas, agus Robert Browne, iarshaighdiúir in Arm na Breataine as Baile Phib.  

Thaifead na Gardaí iad agus  dúnmharú Patrick Hutch á bheartu acu. Bhí siad 250 méadar óna theach cónaithe nuair a ghabh na Gardaí iad. 

Gearradh dhá bhliain déag go leith príosúin ar na deartháireacha Thompson agus aon bhliain déag go leith ar Robert Browne.