Tá Boris Johnson tofa ina cheannaire nua ar an bPáirtí Caomhach sa Bhreatain. 

D'éirigh le Boris Johnson an ceann is fearr a fháil ar a chéile comhraic Jeremy Hunt do cheannaireacht an pháirtí agus tiocfaidh sé i gcomharbacht ar Theresa May mar Phríomh-Aire na Breataine. 

Bhí beagnach 160,000 ball ón bpáirtí i dteideal vóta rúnda a chaitheamh don cheannaire nua. 87.4% díobh a chaith vóta - 92,153 i bhfabhar Boris Johnson agus 46,656 i bhfabhar Jeremy Hunt.

I ndiaidh an fhógra, dúirt Boris Johnson arís go bhfágfadh an Bhreatain an tAontas Eorpach ar 31 Deireadh Fómhair.

D'fhógair Theresa May i mí na Bealtaine go raibh sí ag éirí as ceannaireacht an Pháirtí Chaomhaigh de bharr nach raibh feisirí parlaiminte an pháirtí sásta tacú lena plean maidir le himeacht na Breataine as an Aontas. 

Beidh a cruinniú deireanach rialtais ag Theresa May inniu sula n-éireoidh sí as agus bogfaidh Boris Johnson iseach i dteach an Phríomh-Aire i Sráid Downing amárach.

Thréaslaigh an Taoiseach Leo Varadkar agus an Tánaiste Simon Coveney a scéal le Boris Johnson.