Tá cead diúltaithe ag an mBord Pleanála d'athfhorbairt an stáisiúin chumhachta atá ag Bord Soláthair an Leictreachais i nDroichead na Sionainne i gCo Uíbh Fhailí. 

Bhí Bord Soláthair an Leictreachais ag iarraidh go leanfaí ag dó móna ag an stáisiún nó go n-athrófaí de réir a chéile go dtí ábhar inathnuaite. Chuir An Taisce agus eagraíochtaí comhshaoil eile in aghaidh an phlean. 

Ní fios céard atá i ndán don 300 oibrí atá ag brath ar an stáisiún cumhachta faoi lathair i bhfinaise an chinnidh.

Tá an ceardchumann SIPTU ag iarraidh ar an Aire Comhshaoil Richard Bruton idirghabháil a dhéanamh sa scéal anois agus na poist a shábháil. 

Dúirt an tAire Bruton go bhfuil díomá air gur diultaíodh don iarratas athfhorbartha agus go mbeidh ar Bord Soláthair an Leictreachais an scéal a mheas anois.