Dhearbhaigh Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne inniu nach mbeidh Acht na dTeangacha ullamh lena fhoilsiú ag an gCruinniú Rialtais deiridh faoi mar a bhí geallta roimhe seo.

An tAire Stáit Sean Kyne

Is i nGleann Cholm Cille, i nGaeltacht Cho.Dhún na nGall, a bheidh an Cruinniú Rialtais Déardaoin.

Dúirt sé áfach go gcuirfear meamraim faoi bhráid an chruinnithe chun sceideal a cheadú do na h-eagraíochtaí a bheidh ag teacht faoin Acht amach anseo.

Tá an freasúra thar a bheith míshásta nach mbeidh an tAcht le foilsiú anois go dtí uair éigin sa bhFómhar.