Sa Bhreatain, tá aire sóisearach san Roinn Gnóthaí Eachtracha, Alan Duncan tar éis éirí as a phost.

Dúirt sé nach mbeadh sé sásta a bheith páirteach in aon Rialtas faoi Boris Johnson.

Tuigtear go bhfuil ar a laghad beirt airí sinsearacha chun éirí as a gcuid cúraimí sna laethanta atá romhainn, agus na fáthanna céanna tugtha acu.

Ina theannta sin tá Feisire ón bpáirtí Caomhach cúisithe i dtrí ionsaí gnéis ar bheirt bhan.

Sin é Charlie Elphic, feisire parlaiminte do Dover, fear atá go mór ar son fanacht na Breataine san Aontas Eorpach.