D'fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, na Gaeilge agus na n-Oileán, Seán Kyne, go bhfuil a Roinn le €1.7m a cheadú d'Údaras na Gaeltachta agus do Fhoras na Gaeilge.

Tá sé seo chun tacú leo leis an bpróiséas pleanála teanga i mbliana.

Ag seoladh Plean Tascfhórsa Uibh Ráthaigh in Uibh Ráthach inniu dúirt an tAire Kyne go gcuirfear tús go luath le plean teanga a leagan amach do Chathair Saibhín i gCo Chiarraí.

Tabharfaidh sé seo stádas Baile Seirbhíse Gaeltachta don bhaile. 

Tá an proiséas pleanála teanga ceadaithe do 15 reigiún Gaeltachta cheana fhéin.

'Tá 2 oifigeach pleanála teanga ceapaithe agus 8 mbaile seirbhíse Gaeltachta ainmnithe' a deir an tAire Stáit Kyne.