Tá cúirt tar éis rialú gur féidir coda de na tuairiscí promhaidh atá réitithe ar an mbeirt buachaillí atá ciontaithe i ndúnmharú Ana Kriegel a thabhairt ar lámh dá ndlíodóirí.

Ciontaíodh an bheirt i mí Meithimh i ndúnmharú an chailín scoile.

Cúisíodh buachaill A freisin as trom-ionsaí gnéis a dhéanamh ar an gcailín. 

Tá sé ordaithe ag an mbreitheamh, tuairiscí sicíatracha a réiteach.

Cuirfear tréimhse príosúnachta ar an mbeirt an mhí seo chugainn.