Tá fear sna fichidí fós á choinneáil ag gardaí de bharr na ngortaithe a bhain do dhaoine i nDún Dealgan,Co.Lú.

Tiomáineadh gluaisteán faoi ard luas trí reilig ansin thart ar 3.40 tráthnóna inné.

Reilig Naomh Pádraig a bhí i gceist, agus b'amhlaidh a bhí na daoine a bhí i láthair ag freastal ar shearmanas ansin.

Gortaíodh fear amháin sa cheann de bharr na heachtra.

Tá seisean tugtha chuig Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath le cóir leighis a chur air.