Tá ceiliúradh mór á bheartú i gClóirtheach i gCo.Uíbh Fhailí in omós an ghalfaire,Shane Lowry.

Bhuaigh Lowry an Comórtas Oscailte Gailf i gCo.Aontroma inné.

32 bliain d'aois atá Shane Lowry.

Bhí sé 6 bhuille chun cinn ar a chéile comhraic as Sasana, Tommy Fleetwood.

Is ag Club Gailf na hEascrach i gCo.Uíbh Fhailí atá an ceiliúradh le bheith.

Dúirt an tAire Spóirt, Shane Ross go raibh a Roinn sásta agus faoi réir leis an aitheantas cuí a thabhairt do Shane Lowry.